Title: MAIRG NACH DIONGNADH DÁN DO DHIA

Author:FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Mairg nach diongnadh dán do Dhia
Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird

1] Mairg nach diongnadh dán do Dhia
2] is mairg nach diongnadh dán dó;
3] ar tí ar gceannuigh ar do chrú
4] do bhí tú idir cheannuibh cló.
5] Díol a mholta Rí na ríogh;
6] mo Rí go molar ó mhian;
7] a thuilleamh go dtí dom dhán;
8] go dtuillior grádh an tí as triar.
9] An t-éasga lán lán do ghlóir
10] iar mbás do éirigh ón úir;
11] do shúil re grádh créachta an chígh
12] dán don rígh is déanta dhúinn.
13] Tar éis a ghonta go grian
14] dá éis do b'fholamh an uagh;
15] mar so do shéalaigh mo shíodh;
16] do ba díor déanaimh na nduan.
17] Molta séimhe ó gach dhroing dhínn
18] do thuill ar n-éirghe as an uaigh;
19] do mhúch dhe ar ngluasocht le glóir,
20] do fhóir ar ghuasacht sé sluaigh.
21] Lá bloghtha brogha na bpiasd
22] ---a mholadh níor mholadh díosg--23] do-chuaidh ón uaigh ar chreich Chásg,
24] i leith na ngrásd do-chuaidh Críosd.
25] Na haithre umun fios fíor
26] mo chion tharla 'n-a riocht riamh;
27] ionmhuin an lucht thug ón tár
28] rug tre ghrádh ó Phurt na bpian.
29] Do fhágaibh an gcreich nar clódh
30] an ghein dá dtánaig a dtriall
31] i bParrthas na mbile n-úr
32] múr barrghlas fan gile grian.
33] Flaith fial nach neamhchonáigh nós
34] go a dheasghabháil Dia na ngrás
35] go teach Dé ní dheachaidh suas
36] 's é thuas 'n-a bheathaidh iar mbás.
37] San deasghabháil ma-raon ris
38] don fheadhanfháir far fhaomh crois
39] tug a uille ais re hais;
40] rug lais an cuire re chois.
41] ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    DINO PARK vol. 2IL BRUTTO ANATROCOSOGLI UCCELLI vol. 2ESSERE MADRE
  • Libri.it
  • Treccani