Title: ÉISD REM FHAOISIDIN, A ÍOSA

Author:DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Éisd rem fhaoisidin, a Íosa
Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh

1] Éisd rem fhaoisidin, a Íosa;
2] re n-áireamh is áibhseach liom
3] mo pheacaidh i gcionn a chéile;
4] deacair fa a gcionn réidhe riom.
5] Ó aois leinibh ag lot m'anma
6] níor anas fós---fada an ruaig;
7] tug dot óidh, a Dhé, mo dhocracht
8] gion gur cóir mé d'fhortacht uaid.
9] Féach oram, a Athair ghrádhaigh;
10] gabh m'fhaoisidin go mór mion;
11] a mheic Dé, is deacrach mo leigheas;
12] peacthach mé cheileas a chion.
13] Na seacht bpeacaidh go n-a bpréamhaibh
14] peacthach dhíom go ndearna siad
15] ---thríd nach fuighinn grás dod ghuidhe--16] cuirim i gcás uile iad.
17] Na hocht gcoire mar an gcéadna,
18] gé do char sinn saobh an bhreath;
19] grádh an dá cheathrar im chridhe
20] do bheanfadh clár nimhe ar neach.
21] Na deich n-aithneadha is eadh bhrisim;
22] briseadh saoire is sé mo mhian;
23] gidh bé ní nach ní dom anam
24] is é do-ní an chalann chriadh.
25] Deachmhadh mh'eallaigh agus m'arbha
26] gidh olc dhíolaim, a Dhé bhí,
27] lugha an deachmhadh cnú don chrobhuing:
28] do leanfadh tú oruinn í.
29] Fuil do bhall agus do bhruinne
30] ní bhíonn lá nach laoidheann sinn;
31] a fhir do thuit agus théarnó,
32] do luit sin gach éanló inn.
33] Bím ag ithiomrádh m'fhir chumuinn,
34] rem chomhursain ní caoin bhím;
35] díol id dhiomdha gion go ndearnadh
36] iomdha gníomh neamhghlan do-ním.
37] Brisim aoine i n-aimsir throisgthe,
38] tréigim trátha ar chomhól chornn;
39] gidh beag mo lón lá na tagra
40] mór a-tá re a agra orm.
41] Ar mh'anmuin---is adhbhar tuirse--42] ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    GLI UCCELLI vol. 2LA PESTE SCARLATTAIL RE CHE VALEVA 4,50€ BELLA BAMBINA DAI CAPELLI TURCHINI
  • Libri.it
  • Treccani