Title: DO-NÍ DUINE DIA DÁ MHAOIN

Author:DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Do-ní duine dia dá mhaoin
Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh

1] Do-ní duine dia dá mhaoin;
2] ní fhuil ann acht dia díomhaoin
3] tar Mhac Dé na n-uile fhear;
4] ní duine an té nach tuigfeadh.
5] Dia dá mhaoin is mairg do-ní;
6] cealg im Dhia nír bh'fhiu aoinní;
7] Mac Dé bhí le hóigh gan fhior
8] do b'é an rí dar cóir creideamh.
9] Creideadh gach duine dá dhia féin;
10] creidim-se d'oidhre an Fhíréin,
11] Mac Dé dar mháthair Muire
12] bráthair na sé sochuidhe.
13] Eagail dóibh dá ndeachaidh so
14] i n-éadóchas ar Íosa
15] gach neach daidhbhir dá mbí ar bioth
16] nó gach rí saidhbhir sáitheach.
17] Guais don dís a-deirim féin
18] go mbeid is Íosa aimhréidh,
19] díol toile don té ghá mbí
20] 's gidh bé nach oighe aoinní.
21] Ní háil le neach saidhbhir slán
22] Mac Dé d'fhaicsin ná d'iomrádh;
23] Rí na n-uile is na n-ógh ris
24] is lón do dhuine an daidhbhris.
25] Muire 's a Mac maille ris
26] bíd aige i n-íoc a dhaidhbhris;
27] fearr sin ná saidhbhreas eile
28] daidhbhreas fhir na haithrighe.
29] Duine do-gheibh lán a lámh
30] eagail dó dul ar seachrán;
31] is í an lámh fhalamh as fhearr
32] ler bh'ál anadh ó Ifearnn.
33] Cuid na gcomhursan---cúis trom--34] biaidh dá hagra ar an anam;
35] biaidh an chalann 'n-a crumhaibh
36] 's an t-anam ag osnadhaigh.
37] A-tá an corp dá chur i gcéill
38] go bhfuil 's an t-anam aimhréidh;
39] tarla fíoch éigin orra
40] síoth nach éidir eatorra.
41] Ná tréig neamh ar ní nach lat;
42] ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    BELLA BAMBINA DAI CAPELLI TURCHINIPOLLICINOCIOPILOPI MARZO 2024 – SULLA MORTE E SULLA VITATUTTI UGUALI IN FAMIGLIA!
  • Libri.it
  • Treccani