Title: SAOGHALTA SIN, A SHAOGHAIL

Author:DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Saoghalta sin, a shaoghail
Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh

1] Saoghalta sin, a shaoghail,
2] ar gcaitheamh do chéadfhaobhair;
3] saoghalta sibh iná sain,
4] a fhir shaoghalta shanntaigh.
5] Mar taoi fa thoice an domhain
6] ---is rioth eich gan arodhain--7] más tuar baoghail an bhochta
8] truagh, a shaoghail shaoghalta.
9] A aidhbheirseoir na n-uile,
10] id chumann, a chealgaire,
11] do mhuin deaghshóigh nír dhulta;
12] sguir, a sheanóir shaoghalta.
13] Ní théid duit-se fa dheireadh
14] do chisde dar cruinnigheadh,
15] luach an tsaoghail do rádh ruibh;
16] baoghail do dhál, a dhomhain.
17] Gidh bé chaitheas, gnáth a ghoin,
18] críoch bhur gcumainn, a shaoghail;
19] a fhir-se is a ghlac 'n-a ghar,
20] dar lat is sibh-se an saoghal.
21] Más tú, a shaoghail thuirsigh thruim,
22] an bioth cé do-chuaidh tharainn,
23] a earr ag breith ar an mbioth
24] gá fearr a bheith ar biseach?
25] Feadh an tsaoghail dá rádh ris,
26] a dhuine a-tá ag teacht thairis,
27] do chéill san saoghal ná sir
28] a thaobhadh féin an faid-sin.
29] Fada gur thuigeas tu-sa
30] fa chumann na colna-sa;
31] mairg do rothaobhuigh thú, a thruaigh,
32] a thrú, a dhrochshaoghail diombuain.
33] Ar do sgáth, is tú dá thoil,
34] taobh red leithsgéal an lá-soin
35] mairg a-tá, a shaoghail shanntaigh,
36] go lá an aonaigh iongantaigh.
37] Ar cathaighthibh na colna
38] le hainmhianaibh ionmhalla
39] gérsam dual im fhear fhallsa
40] truagh ar seal san saoghal-sa.
41] Críoch an tsaoghail is sí sain
42] seacht dtroighthe d'fhagháil d'iomdhaidh:
43] mar as dual dó agus di-se
44] ag so an uagh ga innise.
45] Mar théid an t-umha is ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    I DUDÙ VANNO A SCUOLA?TILÙ BLU VUOLE BENE ALLA SUA MAMMAIL RE CHE VALEVA 4,50€ POLLICINO
  • Libri.it
  • Treccani