Title: MARTHAIN DUIT, A CHROCH AN CHOIMDHEADH

Author:DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Marthain duit, a chroch an Choimdheadh
Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh

1] Marthain duit, a chroch an Choimdheadh,
2] a chroinn diadha an duille bhuig,
3] ar an bhfád-sa is dóigh ar ndeaghail,
4] pácsa is cóir 'n-a dheaghaidh dhuid.
5] A chroch Dé, do dhlighis cádhas
6] ó chloinn Ádhaimh athair cáich;
7] is mor mac gcionntach ro ceannghadh
8] lat, a fhiortach bheannghlan bhláith.
9] Peacaidh na cruinne do cheannchais
10] a chroch ghrádhach---gasda an ruaig;
11] tugais cobhair, a chroinn ghrádhaigh,
12] do chloinn cholaigh Ádhaimh uaid.
13] Inneosad duit diamhair nimhe,
14] ní dá sgéalaibh, sgéal go nós;
15] do-chluinfe Rí gealchas gréine
16] ní dá sheanchas féine fós.
17] Do-rinne cathraigh n-aird n-aoibhinn
18] Athair na slógh, Saor na gclann,
19] 'n-a léibheann úr ghlan gan ghairbhe
20] gur ghabh tnúdh na haingle ann.
21] Do hionnarbadh tre n-a n-uabhar
22] aingil nimhe---nár an chuairt;
23] ar gcur as na n-aingeal gcruthach
24] fa hainneamh glas suthach suairc.
25] Tar éis ionnarbtha na n-aingeal
26] nír bh'iongnadh dhóibh dáil a bhfras
27] ar gcur a gcúl re clár nimhe,
28] lán a súl dá ibhe as.
29] Do dhealbh Dia Éabha agus Ádhamh
30] d'iarraidh daoine---dáil gan chruas--31] dá síoladh agus dá snoighe
32] do líonadh an toighe thuas.
33] Do sháruigh Éabha go huaibhreach
34] Athair na ndúl---doiligh linn--35] a síodh do luit as a luighe
36] gur thuit a síol uile inn.
37] Do cuireadh Éabha d'fhód Pharrthais
38] na bport ngéagach---glan a lí;
39] turas na slat---suairc an t-innreamh--40] fa cuairt mac is inghean í.
41] Marbhais Cái-in mear mac Ádhaimh
42] Aibéal déirceach---díocra an mhóid--...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    MIRAI DUDÙ VANNO A SCUOLA?GLI UCCELLI vol. 2LINETTE – COMPAGNO DI GIARDINO
  • Libri.it
  • Treccani