Title: TRÍ GLÚINE GEINEALACH DÉ

Author:DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Trí glúine geinealach Dé
Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh

1] Trí glúine geinealach Dé
2] gein bhuadha an bheatha sheinché;
3] ní feas gidh úr a fhiodhach
4] acht treas glún don gheinealach.
5] Gidh mór nglún geinealach cháich
6] go hÁdhamh an fhuilt ghéagthláith
7] seanchas Dé is deibheadhach thig;
8] is é an geinealach gairid.
9] Córaide a chur do mheabhair
10] ---is sé suim an gheinealaigh--11] triúr ríogh nach do fhréimh dhuine
12] dá ríomh san réim ríoghraidhe.
13] Don triur-sain a-tá d'aicme
14] téid ceannas gach clannmhaicne;
15] gach maicne fa thrian an trír;
16] triar is aicme don Airdrígh.
17] An aicme thrír a-tá i nDia
18] treise ná tóir is roilia;
19] aicme gan aga ar a neart
20] an mhaicne ar aba a n-aithcheacht.
21] An céadghlún as cóir do ríomh
22] Mac Dé Athar an Airdríogh;
23] ar a chúl gidh cia a-dearair
24] Dia darab glún geinealaigh.
25] An Sbiorad Naomh, nochtaim de
26] an céadghlún do chin uime
27] triar comhshlán as fhearr d'fhearaibh
28] an gabhlán gearr geinealaigh.
29] Creidim san chéadghlún ghrádhach,
30] guidhim an nglún meadhánach,
31] an glún deidheanach dom dhíon,
32] geinealach úr an Airdríogh.
33] Ionann an Tríonóid 's an triur
34] ---gidh bé do bheith 'n-a n-ainiul--35] Rí na ndúl 'n-a thrí treanaibh
36] rí na dtrí nglún ngeinealaigh.
37] An t-Athair mór is an Mac,
38] an Sbiorad Naomh an nuashlat,
39] go dtí dhíbh ar snaidhm re síodh
40] na trí rígh i n-ainm éinríogh.
41] Trí geine saora sochair
42] ón mhais áluinn iolchrothaigh,
43] ar dtrí haithreacha is í an dream
44] na trí glainchleatha ghuidheam.
45] Na trí thighearna thoghaim,
46] trí cna áille ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    POLLICINOTILÙ BLU VUOLE BENE ALLA SUA MAMMAIL BRUTTO ANATROCOSOIL RIPOSINO
  • Libri.it
  • Treccani