Title: UAIDHE FÉIN DO FHÁS ÍOSA

Author:DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Uaidhe féin do fhás Íosa
Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh

1] Uaidhe féin do fhás Íosa,
2] an té dan gnáth na grása,
3] fuaire cáig fa ainm Íosa
4] gairm síosa is cáir fan gcás-sa.
5] Dá ghrás cleasradh an Choimdheadh
6] bláth is teasbhach an talmhan;
7] do ghrás Dé díon a fhoghladh;
8] síol roghlan é gan adhbhar.
9] Dá ghrás an sneachta ag snighe
10] dál is teachta na tuile;
11] líonmhar dá reic re-roile
12] gníomhradh oile Meic Mhuire.
13] Fás na n-eath 's na n-innbhear
14] bláth na ndreas is na ndairgheadh
15] do ghrás an tí fhuair fhaighreadh
16] ó ghaibhneadh chruaidh trí dtairngeadh.
17] Tar led ghrás im chlí im chroidhe,
18] a Rí dar fhás an uile,
19] dámadh fiu dheit inn d'fhaire
20] tairre rinn, a Mheic Mhuire.
21] Nám-thréig-se don truaill chiontaigh,
22] a éinmheic fhuair an ochtghuin;
23] gan mo bhac, a Dhé, i ndeacraib
24] ná beantair lat é as m'olcaibh.
25] Nach guais d'óigh agra a fine
26] uair tagra na gcóig gcridhe;
27] níor bh'é a thráth dheit, a dhuine,
28] sgáth guidhe a meic ar Mhuire.
29] Dul do chleith diomdha dúin- ne
30] ní thiobhradh ar mbreith buaidhe
31] cúis eagla é dá óighe
32] freagra cóire é uain-ne.
33] Go ndéactha Dia ar na bearaibh
34] ní bhía re déacadh ndlighidh;
35] daor do-chóidh sé dá soighidh
36] oidhir Dé i gcóir a chinidh.
37] An síodh reampa do réidhigh;
38] níor chiontuigh chíogh an álaidh;
39] dul tar toil Dé níor dheonuigh
40] gur threoruigh sé fhoil Ádhaimh.
41] D'eagla a shaortha níor sheachain
42] beara na bhfaobhar bhfrithir;
43] an chlí do fhás far n-Athair
44] ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    LA PESTE SCARLATTAIL RE CHE VALEVA 4,50€ IL CIMITERO DELLE PAROLE DOLCIBIANCO E NERO
  • Libri.it
  • Treccani