Title: SBÉACLÁIR NA CRUINNE AN CHROCH NAOMH

Author:DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Sbéacláir na cruinne an chroch naomh
Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh

1] Sbéacláir na cruinne an chroch naomh
2] crann suaithnidh na sleas ndonnchaomh:
3] séala an chroinn-se na gcóig gcneadh
4] róid as soillse re silleadh.
5] Croch Íosa, mionn cabhra cháigh,
6] mór ngné as a ngairthear sbéacláir
7] don órchuanna thiormghlain thais
8] d'fhiodhbhaidh phórchuanna Pharrthais.
9] Sliocht a chneadh an uair fhéaghthair
10] páis Dé is aisde airléaghthair;
11] an rí as cinnte dar gcoimhdhe
12] innte do-chí ar gcabhair-ne.
13] Dá taobh táinig an tsoillse
14] do sgaoil doirche an domhuin-se;
15] ní sbéacláir ar nach cáir cion
16] do bháidh céadcháir an Choimdheadh.
17] Cóir sbéacláir do rádha ria,
18] naomhchroch chéasda Mheic Mharia,
19] crann na slios gcomhchorcra gcáidh
20] ar sgrios dorchachta an domhnáin.
21] Mór gcioth do cuireadh impe
22] d'fhíonfhuil Dé-dáil aidhmhillte;
23] do chéadthráigh fholta gach fhir
24] an sbéacláir chorcra chroinn-sin.
25] Aoine Chásg ria do righeadh
26] corp Dé---díochra an t- aindligheadh--27] croch ghuaisbheithre cabhra cháigh
28] ---damhna a huaislighthe d'fhagháil.
29] A-tá si-se ó soin i-le
30] 'n-a cairt sídh, 'n-a crois choimhdhe
31] re slios ghéagcláir chaoimh chobhsaidh
32] 'n-a sbéacláir shaoir sholusghlain.
33] Iomdha raon guasochta gon,
34] lorg cneadh agus áit áladh
35] tre chlár ngeal séanta a sleasa
36] 'n-a sbéacla fhear n-ainbheasa.
37] Silleadh créacht a chuirp chorcra
38] cúis truaighe, tuar furtochta,
39] dáil chabhra athair d'fheithimh
40] fachain anma d'fhóirithin.
41] Sompla ar sídh, séala ar ngrádha,
42] fáth tuirse, tuar lúthghára.
43] an mionn croinn ghéigleabhair ghlain
44] do chloinn éidtreabhaigh Ádhaimh.
45] Cúis lúthghára a dtáinig tríd;
46] fáth tuirse an tráth do- chímíd
47] an ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    I DUDÙ VANNO A SCUOLA?LA PESTE SCARLATTABIANCO E NEROSOLVEIG. UNA VICHINGA NELLA TERRA DEGLI IROCHESI
  • Libri.it
  • Treccani