Title: SGUIR DOD DHÍOMAS, A DHUINE

Author:DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Sguir dod dhíomas, a dhuine
Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh

1] Sguir dod dhíomas, a dhuine;
2] gearr go dtiocfa teachtaire
3] ---is iongnadh leam créad do char--4] ar do cheann ón éag uathmhar.
5] Muna choisge tú do thal
6] dod chraos dot fheirg dot uabhar
7] gearr go mbia cosg ón éag ort;
8] féag ar do rosg gan radharc.
9] Ní hadhbhar díomais duid-se
10] do mheirbhe is do mhíothuigse,
11] 's bheith dod chorp ó chéill ag dol
12] is th'fholt go léir ar liathadh.
13] Do mheanma mhear achd gér mhór
14] do-chím í uaibh ar gclaochlódh;
15] is tearc tuile nach téid as;
16] tréig, a dhuine, do dhíomas.
17] Neart do lámh ar aird ní fhuil;
18] do leath a lúth fad chosaibh;
19] féach meirg ar do dhreich ar ndol;
20] eirg ód bheith mar do bhábhar.
21] Smuain boidhre na gcluas choidhche
22] 's do bheith feoighe fannfhoirbhthe;
23] smuain ar an uaigh th'ionad ceart
24] 's do sbiorad uaibh ar n-imtheacht.
25] Ar dtocht téarma do mhire
26] biaidh tu-sa i n-eirr th'aimsire
27] sronnán id chom ar n-a chor
28] mar lomán gcrom ar gcríonadh.
29] Do-chím ort airdheanna an bháis
30] ---dúinn uile as adhbhar uathbháis--31] d'fhás duibhe id déad ba soillse:
32] 's ní chluine créad chanaim-se.
33] I n-áit do choilceach gclúmh dte
34] 's é t'iomdhadh an uaigh úire;
35] 's badh iomdha daol donn ag dul
36] a-nonn tred thaobh da tholladh.
37] Dréimire beag léigthear libh
38] ós cionn ceathrair do dhaoinibh;
39] ó theach go tigh dod chuir-se
40] ag sin each bhar n-iomchuir-se.
41] Musgail feasda, sgar red sgim,
42] fada ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    TUTTI UGUALI IN FAMIGLIA!COSÌ È LA MORTE?BELLA BAMBINA DAI CAPELLI TURCHINISCHIAPPETTA È MOLTO SENSIBILE
  • Libri.it
  • Treccani