Title: MAITH AN LOCHT AIRDRÍOGH ÓIGE

Author:DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Maith an locht airdríogh óige
Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh

1] Maith an locht airdríogh óige
2] tnúth cáigh ris is romhóide;
3] a thriath 'n-a óigrígh do bfhearr
4] dá gach iath fhóidmhín fhairseang.
5] Do thréig Mág Carrthaigh Chláir Bhreagh
6] ar chosnamh críche a shinnsear
7] eich do ghéagshlataibh chleath gcuill
8] ar sdéadmhacaibh each n-áluinn.
9] Do thréig bonnsacha bláithe
10] ar ruaidhshleaghaibh rionnáithe
11] ---tuar annála don ghéig ghil--12] do thréig camána ar chloidhmhibh.
13] Mar sin do thréig trealamh leinbh
14] d'fhurtocht Teamhra---toisg neimmeirbh--15] fear fonnmhar na bhfonn sgathach
16] re ndobhradh Conn Céadchathach.
17] Lá do-chuala-sa an Conn-sain
18] i gCruachain ghuirm ghealdorrsaigh,
19] lucht altruim Chuinn agus Conn
20] go macraidh thruim 'n-a thiomchall.
21] Conn Céadchathach na dtreas dte
22] do-chonnairc ar gcur bháire
23] san mhagh fhear go n-eirreadh druadh
24] an seingfhear fa mear marcshluagh.
25] Gluaisis an draoi go dána
26] chuca i gceann na hiomána;
27] tug ar fhonn na faithche an fáidh
28] ar Chonn aithne san iomáin.
29] Beannaighis 'n-a dheaghaidh dhó
30] do ghlór fhéata nar ónna
31] an draoi do eagair Fonn Fáil;
32] do fhreagair Conn i gcéadáir.
33] "Cia thu-sa nó gá tír dhuid"
34] ar Conn an chrotha nuabhuig
35] "gér chóir grádh do ghné th'aighthe
36] is lán mé dod mhearaithne."
37] "Do b'iongnadh oidhre th'athar,
38] a mhic, i n-ar mearachadh;
39] fuair sinn gnaoi 'n-a ghnaoi choimse;
40] fa draoi inn dot athair-se.
41] "Is é do mhearuigh mei-se
42] an feidhm-sin re bhfuilei-se;
43] fuair míonBhanbha fa chách cor
44] nach tráth ríoghdhamhna reabhradh.
45] "Teamhair Bhreagh i mbíodh Féilim
46] dá bhfeasda, ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    I DUDÙ VANNO A SCUOLA?GLI UCCELLI vol. 2LA REGINA DELLE NIAGARA FALLSIL BRUTTO ANATROCOSO
  • Libri.it
  • Treccani